.

  • Increase font size
  • Default font size
  • Decrease font size
Home Faoi APEnet

Faoi APEnet

Is ionann cartlann agus cuimhne an tsochaí ach tá an stór luachmhar a bhíonn ar fáil i gcartlann ar bith in ann cur le caighdeán saoil gach saoránach, ar bhonn pearsanta agus ar bhonn sóisialta. Mar go mbeidh rochtain éasca ar líne ar fáil do gach duine san Eoraip ar ábhar comhchuimhne atá le fáil i gcartlanna cuideoidh sin le cuspóirí sóisialta agus cultúir na hEorpa a bhaint amach.

Ó tharla méadú suntasach a bheith ar líon na seirbhísí cartlann atá ag baint leasa as an Idirlíon chun a gcuid stoc a scaipeadh agus go bhfuil siad ag fáil níos inniúla maidir le teicneolaíochtaí nua a úsáid tá tairseach idirlín cartlann san Eoraip (Tairseach Idirlín do Cháipéisí agus do Chartlanna na hEorpa), a thabharfaidh iarrachtaí agus saineolas ag leibhéil náisiúnta agus Eorpach le chéile, ar cheann de phríomhthosaíochtaí lucht gairmiúil san Eoraip agus tacaíonn an Chomhairle Eorpach leis sin i moladh an 14 Samhain 2005 (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, 29.11.2005; 2005/535/CE).

Is é bunaidhm thionscadal APEnet ná comhthairseach a sholáthar do shaoránaigh an AE, d’údaráis phoiblí agus do chuideachtaí inar féidir leo eolas a fháil faoi chartlanna san Eoraip agus faoi ábhar cartlainne a bhfuil leas acu ann, bíodh cónaí orthu san Aontas Eorpach nó ná bíodh. Don chéad uair beidh sé éasca ag saoránaigh an AE rochtain a fháil in aon áit amháin ar chartlanna ar fud an Aontais Eorpaigh agus ba chóir go gcuirfeadh sé seo le tuiscint an phobail ar stair agus ar chultúr na hEorpa. Dá bhrí sin beidh ceangal láidir ag Tairseach Chartlanna na hEorpa le Europeana agus le tairseacha nó geataí Eorpacha eile a bhfuil faisnéis le fáil iontu ar chartlanna.

Ceanglóidh an tairseach tionscnaimh chartlainne idirlín atá neamhchosúil le chéile agus gníomhóidh sé chun deireadh a chur le bacainní atá fós ann teacht go réidh ar fhaisnéis faoi chartlanna san Aontas Eorpach agus faoi na hacmhainní tábhachtacha cultúir atá le fáil iontu. Beidh seirbhísí na tairsí ar fáil i dteangacha difriúla.

Tá tuilleadh eolais faoi thionscadal APEnet ar fáil ar na leathanaigh ghaolmhara seo:

[ back ]